Ceisteanna Coitianta

Ceisteanna Coitianta

Tá freagraí anseo ar chuid de na ceisteanna is coitianta a chuirtear faoin tionscadal agus faoi shoilse LED.

Tá aon chomhairle agus fiche rannpháirteach sa Tionscadal Éifeachtúlacht Fuinnimh Soilse Poiblí seo.
Tá liosta de na contaetha rannpháirteacha anseo  

Thosaigh an tionscadal in 2022 agus tógfaidh sé roinnt blianta chun é a chríochnú go hiomlán.

Tá trí ghné i gceist le buntáistí an tionscadail, mar atá aeráid, costas agus cáilíocht.

Ní chaitheann soilse LED ach leathchuid an fhuinnimh a chaitheann soilse poiblí traidisiúnta, agus is féidir iad a dhorchú ag amanna faoi leith, rud a chruthaíonn éifeachtúlacht bhreise 7% go 26%. Is ionann laghdú ar úsáid fuinnimh agus laghdú ar astaíochtaí dochracha CO2. 

Nuair a laghdaítear úsáid fuinnimh, is amhlaidh a laghdaítear costas fuinnimh. Beidh laghdú measta 50% ar chostas fuinneamh na n-údarás áitiúil. Lena chois sin, maireann bolgáin LED suas le 20 bliain agus meastar mar sin go mbeidh laghdú 60% ar chostais chothabhála a bhaineann le haonaid solais a athshocrú go leanúnach.

Tá feabhsú ar an teicneolaíocht LED rud a chiallíonn gur fearr an timpeallacht fhísiúil a chruthaíonn soilse LED, is fearr chomh maith an tsábháilteacht phoiblí agus is lú an truailliú solais a bhíonn ann.

Cuireann an tionscadal deis ar fáil freisin chun eolas a bhailiú faoi bhainistiú sócmhainní chun an gréasán soilse poiblí a bhainistiú níos fearr.

Is ionann CCT nó ‘Dath-Theocht Comhchoibhneasach’ agus tomhas ar dhath an tsolais a chuirtear amach. Is ina gceilvíní (K) a luaitear an dath-theocht, arna thomhas ar scála uimhrithe. 

Sa mhórchuid de chásanna, beidh 3,000K mar dath-theocht. Beidh sé 2,700K i gceantair a sainaithnítear mar cheantair chaomhnaithe ialtóg.

Tá. Tá an tionscadal deartha i bhfianaise an bhonneagair reatha don soilsiú poiblí agus is beag an cur isteach a bheidh air sin seachas aonaid solais a chur isteach agus bail a chur ar aon ní atá lochtach.

 

Tá. Tá an tionscadal deartha i bhfianaise an bhonneagair reatha don soilsiú poiblí agus is beag an cur isteach a bheidh air sin seachas aonaid solais a chur isteach agus bail a chur ar aon ní atá lochtach. Tá sonraíocht na n-aonad solais de réir an chleachtais idirnáisiúnta is fearr agus treoirlínte IPL (Institiúid na nGairmithe Solais).

Ní dhéanfar iarfheistiú ach ar shoilse poiblí atá ann cheana. Is féidir go mbeidh bearradh crann nó fásra i gceist le go gcuirfear isteach na haonaid solais nó lena a chinntiú go mbeidh na soilse ar obair ar dhícheall éifeachta.