Maidir leis an tionscadal
Déanfaidh an Tionscadal iarfheistiú go soilse LED sna húdaráis rannpháirteacha. Le iarfheistiú go soilse LED is féidir leis na nithe a leanas a dhéanamh
- Úsáid fuinnimh a ghearradh ina dhá leath agus astaíochtaí CO2 a laghdú
- Cabhrú le hÉirinn ár spriocanna reachtúla a bhaint amach maidir leis an éifeachtúlacht fuinnimh
- Laghdú 55% a dhéanamh ar chostais fuinnimh agus chothabhála
Conas atá an tionscadal á
bhainistiú?
Tá an tionscadal á leathadh amach ar bhonn réigiúnach agus údárás amháin i gceannas ar an leathadh amach i ngach ceann de na trí réigiún.
Cé na húdaráis áitiúla a bheidh rannpháirteach?
Tá aon údarás áitiúil agus fiche rannpháirteach sa Tionscadal Éifeachtúlacht Fuinnimh Soilse Poiblí seo (PLEEP).
Faoi bhainistiú Chomhairle Contae Chorcaí
Faoi bhainistiú Chomhairle Contae Chill Chainnigh
